| Liadhain | Liadhain |
![]() |
|
| Liadhain | Liadhain |
| Liadhain … Bhí fios agam di. Mé Cuirithir. Le Dia a leath dhíom le Liadhain an leath eile. An leath dhíom ar le Dia í is seasc, marbh An leath dhíom ar le Liadhain í is bruithneach I ndoire sea luíomar le chéile. Ba gheall le cnó á oscailt é is á chur im béal ag crobh cailce dofheicthe Siolla níor labhair sí ach nuair a dhún sí a súile ba léir di an sú ag éirí sna crainn Gur chuala sásamh ársa na gcraobh Nuair a théann sí i bhfolach orm chím gach áit í Leanaim scáth an fhia is an tseabhaic Líontar an doire lena héagmais Nuair a dhúisíonn sí ar maidin féachaim go domhain sna súile aici Is tobar í ina bhfeicim mé féin Ólaim asam féin |
Liadhain … Knowledge flowed between us. I am Cuirithir. God goes halves in me with Liadhain. God’s share is sterile, lifeless, Liadhain’s boils me alive. We lay together among oaks. It was like a nut being shelled and placed in my mouth by a creamy, invisible hand. She said nothing at all but when she closed her eyes she could see the sap rising in trees, hear the old fulfilment of branches. When she hides from me I see her everywhere. I follow the deer’s shadow And the hawk’s. Her absence flits among the oaks. When she wakes in the morning I look deep into her eyes. She is a well that reflects me. I drink of myself. |
|
|
||
Gabriel
Rosenstock |
||
| Ealaíontóir/Artist: Peannaire/Calligrapher: Aistritheoir/Translator: Ainmníodh ag/Nominator: |
William Brotherston Donald Murray Paddy Bushe The Author |
|